Skip to main content

Traidisiúin agus Ceol na hInstitiúide

15 December 2016

Is léir ón líon mac léinn atá cláraithe don chéim BA (Onór.) sa Cheol Feidhmeach go bhfuil an-éileamh ar na cúrsaí ceoil a sholáthraíonn Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (ITDD). Tá scoláirí acadúla agus ceoltóirí ildánacha ó gach cearn den domhain cláraithe linn agus i rith na bliana glacann siad páirt sna coirmeacha ceoil agus sna heachtraí éagsúla a reáchtálann Roinn na nEaláion Cruthaitheach, Meán agus Ceoil.

Ceol Traidisiúnta

Tá ceol traidisiúnta lárnach i saol cheoil an champais agus gach bliain eagraíonn stiúrthóirí na Roinne eachtraí speisialta agus turasanna thar lear chun idirchaidreamh a spreagadh idir mhic léinn na hInstitiúide agus a gcomhpháirtithe sna Coláistí eachtracha.

I gCónaí Gníomhach

Le linn Mí Márta agus mar pháirt de chomóradh an chéid 1916-2016 d’eagraigh an Roinn ceolchoirm mhór chuimhneacháin, agus i Mí Iúil thaistil grúpa sabhal go hAlban chun seinmt ag Speyfest i bhFochabers, agus in Ionad Náisiúnta Píobaireachta Ghlaschú.

Oíche Spleodair

Bhí oíche speisialta ceoil againn i mí na Samhna seo caite le hEnsemble Ceoil Traidisiúnta ITDD faoi stiúir an Dr Daithí Ó Cearnaigh. Chuir Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil, coirm cheoil darbh teidil Iontais in Alban i láthair in Amharclann Mhic Anna ar an 16ú Samhain 2016 mar sméar mullaigh ar an dturas a ndearnadar i Mí Iúil.  Bhí an amharclann lán go doras, agus ba léir ón gclampar a tháinig uathu gur bhain na daoine a bhí i láthair taitneamh as an gceolchoirm. Ba bheomhar an t-atmaisféar agus corraíodh na cuislí sa halla le linn na hoíche.

Eachtraí san Athbhliain 2017

Féile Dhún Dealgan – Scoildrámaíocht – Amharclann Mhic Anna – Aoine 17ú Feabhra

http://www.scoildramaiocht.ie

Seachtain na Gaeilge in ITDD – Mí Márta 1-17

Coirmeacha Ceoil, Eachtraí Speisialta, agus Craic Ghinearálta! Bígí Linn

http://snag.ie/lathair/page/31/

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise ó Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil!

 



 Gluais: Glossary

  • traidisiúin: traditions;
  • agus ceol na hInstitiúide: and the Institute’s music;
  • is léir ón líon mac léinn atá cláraithe: it is clear from the number of registered students;
  • don chéim BA (Onór.): for the BA (Hon.) degree;
  • sa Cheol Feidhmeach: in Applied Music;
  • go bhfuil an-éileamh: that there is a great demand;
  • ar na cúrsaí ceoil: for the musical courses;
  • a sholáthraíonn Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (ITDD): that Dundalk Institute of Technology (DkIT) provides;
  • tá scoláirí acadúla agus ceoltóirí ildánacha: there are academic scholars and versatile musicians;
  • ó gach cearn den domhain: from all over the world;
  • cláraithe linn: registered with us;
  • agus i rith na bliana glacann siad páirt: and during the year they take part;
  • sna coirmeacha ceoil: in the musical concerts;
  • agus sna heachtraí éagsúla: and the various events;
  • a reáchtálann Roinn na nEaláion Cruthaitheach, Meán agus Ceoil: that the Department of Creative Arts, Media and Music run;
  • tá ceol traidisiúnta: traditional music is;
  • lárnach i saol cheoil an champais: central to the musical life of the campus;
  • agus gach bliain: and each year;
  • eagraíonn stiúrthóirí na Roinne: directors of the Department organise;
  • eachtraí speisialta: special events;
  • agus turasanna thar lear: and trips overseas;
  • chun idirchaidreamh a spreagadh: to promote positive relations;
  • idir mhic léinn na hInstitiúide: between students of the Institute;
  • agus a gcomhpháirtithe: and their peers;
  • sna Coláistí eachtracha: in the foreign Colleges;
  • i gcónaí gníomhach: always active;
  • le linn Mí Márta: during the month of March;
  •  agus mar pháirt de chomóradh an chéid 1916-2016: and as part of the centenary 1916-2016 celebrations;
  • d’eagraigh an Roinn ceolchoirm mhór chuimhneacháin: the Department organised a commemoration concert;
  • agus i Mí Iúil: and in the month of July;
  • thaistil grúpa sabhal: a group travelled over;
  • go hAlban:  to Scotland;
  • chun seinnt ag Speyfest i Fochabers: to play at Speyfest in Fochabers;
  • agus in Ionad Náisiúnta Píobaireachta Glaschú: and in the National Piping Centre Glasgow;
  • oíche spleodair: night of cheerfulness; bhí oíche speisialta ceoil againn: we had a special night of music;
  • i mí na Samhna seo caite: this past November;
  • le hEnsemble Ceoil Traidisiúnta ITDD: with DkIT Traditional Ensemble;
  • faoi stiúir an Dr Daithí Ó Cearnaigh: under the direction of Dr Daithí Kearney;
  • chuir Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil coirm cheoil darbh teidil Iontais in Alban i láthair: the Department of Creative Arts, Media and Music presented a concert entitled Iontais in Alban – Wonders/Adventures in Scotland;
  • in Amharclann Mhic Anna ar an 16ú Samhain 2016: in The MacAnna Theatre on the 16th of November;
  • mar sméar mullaigh ar an turas a ndearnadar i Mí Iúil: to top off the trip the made in the month of July; 
  • bhí an amharclann lán go doras: the theatre was packed;
  • agus ba léir ón gclampar a tháinig uathu: and it was evident from the noise that came from them;
  • gur bhain na daoine a bhí i láthair taitneamh as an gceolchoirm: that the people present enjoyed the concert;
  • ba bheomhar an t-atmaisféar: there was a lively atmosphere;
  • agus corraíodh na cuislí sa halla: and the emotions were stirred;
  • le linn na hoíche: during the night;
  • eachtraí san athbhliain 2017: events for 2017; 
  • Féile Dhún Dealgan: Dundalk Festival;
  • scoildrámaíocht; schoolplays;
  • Amharclann Mhic Anna: Mac Anna Theatre;
  • Aoine 17ú Feabhra: Friday 17th February;
  • Seachtain na Gaeilge in ITDD – Mí Márta 1-17: Irish Language Week DkIT – March 1-17;
  • coirmeacha ceoil: concerts;
  • eachtraí speisialta: special events;
  • agus craic ghinearálta: general craic;
  • bígí linn: be with us;
  • Nollaig faoi shéan is faoi mhaise ó Roinn na nEalaíon Cruthaitheach, Meán agus Ceoil. The Department of Creative Arts, Media and Music wish you a Merry Christmas.