Skip to main content

Saibhreas, Traidisiún agus Ionsparáid

15 December 2016

Tá an-dúil agam inár dteanga dúchais. Is seanteanga draíochtach meallacach í an Ghaeilge, lán de shaibhreas, traidisiún, stair, léann, litríocht, agus sár-cheol. Is mór dhom áilleacht na bhfuaimeanna agus padrúin na rithimí ceolmhaire neamhshiméadracha. Cuireann an Ghaeilge tobar inspioráide ar fáil dom i mo chuid oibre mar chumadóir, agus bainim an-phléisiúr as na scríbhneoirí Gaeilge a léamh, ach go háirithe na filí. Tá roinnt mhaith miotas agus finscéal go mbainim úsáidastu i mo chuid scríbhneoireachta, agus is minic a chumaim ceol bunaithe ar fhilíocht Ghaeilge luath chomh maith le filíocht na linne seo. Tá suim mhór agam go háirithe i saothair Nuala Ní Dhomhnaill agus Tadhg Ó Dúshshláine. Is filí den scoth iad agus bhain mé úsáid as a ndánta lena gcaoinchead cinealtá i mo chuid ceoil, mar shampla: i mo chantáid Leaba Shíoda (Ní Dhomhnaill) agus sa chiogal-amhrán Cártaí Poist ó Dhúthaigh na  gCatár (Ó Dushláine).

Ceol Liotúirgeach – Gaeilge agus Laidin

Is tábhachtach dom fosta ceol liotúirgeach mar chumadóir, agus cuirim ceol leis na téacsanna spioradálta Gaeilge. Anuas ar sin is minic a mheascaim an Ghaeilge agus an Laidin le chéile. Is teangacha iontach-cosúil iad ó thaobh nithe áirithe gramadaí de agus i bhfuaimeanna na gutaí deasa leathain araon.

Ionsparáid na Filíochta

Bíonn filíocht á léamh i gcónaí agam fá choinne smaointe úra agus ionsparáid a spreagadh ionaim. Tá Leabhar na hAthghabhála (ed. De Paor: 2016) á léamh faoi láthair agam, leabhar nua-fhoilsithe i mbliana gur pháirt de chnuasach dánta é. Leabhar eile a spreag spéis ionaim le déanaí ná  Leabhar Mór na nAmhrán (eds. Ó Conghaile et al: 2013). Ismóranléitheoireachtatásnaleabhairseoagus is fiú go deimhin staidéar a dhéanamh orthu.  Taitníonn an áilleacht agus an díochracht atá san fhilíocht Ghaeilge go mór liom.

Spreagann an teanga go mór mo shamhlíocht agus m’intinn chruthaitheach.Domsa isíáilleacht na háilleachta í an Ghaeilge.

An Dr. Eibhlís Farrell

Ceannasaí Roinn an Cheoil agus na Meáin Chruthaitheach

 

 



Gluais: Glossary 

  • saibhreas, traidisiún agus ionsparáid: richness/wealth, tradition and inspiration;
  • tá an-dúil agam: I have a heartfelt fondness;
  • inár dteanga: in/for our language;
  • dúchais gen. of
  • dúchas: native;
  • draíochtach: magical;
  • meallacach: appealing;
  • lán de: full of;
  • shaibhreas lenited ver. of
  • saibhreas: wealth/ richness; 
  • traidisiún: tradition;
  • stair: history;
  • léann: learning/ studies;
  • litríocht: literature;
  • sár-cheol: excellent music;
  • Is mór dhom: I am very taken by;
  • áilleacht na bhfuaimeanna: the beauty of the sounds;
  • pádrúin na rithimí: the rhythmical patterns;
  • ceolmhaire see adj.
  • ceolmhar: musical;
  • neamhshiméadracha see adj.
  • neamhshiméadrach: asymmetrical;
  • cuireann an Ghaeilge ... ar fáil dom: Irish provides me with;
  • tobar inspioráide: a well of inspiration;
  • i mo chuid oibre: in my work;
  • mar chumadóir: as a composer;
  • agus bainim an-phléisiúr as na: and I take great pleasure from the [plu.];
  • scríbhneoirí Gaeilge a léamh: to read/ in reading Irish language writers;
  • ach go háirithe na filí: especially the poets;
  • tá roinnt mhaith: there are many;
  • miotas: myth(s);
  • finscéal: fable(s)/ romantic tale(s);
  • go mbainim úsáid astu: which I utilise;
  • i mo chuid scríbhneoireachta: in my writing;
  • agus is minic a chumaim ceol: and it is often I compose music;
  • bunaithe ar fhilíocht Ghaeilge luath: based on early Irish poetry;
  • chomh maith le filíocht na linne seo: as well as poetry of the present day [see also: comhaimseartha: contemporary];
  • tá suim mhór agam ... i saothair: I have great interest in the works of;
  • is filí den scoth iad: they are exceptional poets;
  • agus bhain mé úsáid as a ndánta i mo chuid ceoil: and I utilised their poetry in my music [musical work];
  • lena gcaoinchead cinealtá: with their affectionate permission;
  • mar shampla: for example;
  • i mo chantáid: in my cantata;
  • agus sa chiogal-amhrán: and in the song-cycle;
  • is tábhachtach dom fosta: important to me also is;
  • ceol liotúirgeach: liturgical music;
  • agus cuirim ceol leis: and I put music with/ to;
  • na téacsanna spioradálta Gaeilge: the spritual Irish texts;
  • anuas ar sin: furthermore;
  • is minic a mheascaim: it is often I blend/ mix;
  • an Ghaeilge agus an Laidin le chéile: the Irish language and Latin together;
  • is teangacha iontach-cosúil iad: they are very similar languages;
  • ó thaobh nithe áirithe gramadaí de: from particular grammatical perspectives;
  • agus i bhfuaimeanna na gutaí deasa leathain araon: along with the sound of those nice broad vowels;
  • bíonn filíocht á léamh i gcónaí agam: I am constantly reading poetry;
  • fá choinne smaointe úra agus ionsparáid a spreagadh ionaim: with the expectation of gaining fresh ideas and of eliciting inspiration within me;
  • tá ... á léamh faoi láthair agam: I am currently reading:
  • leabhar nua-fhoilsithe i mbliana: a newly published book this year ;
  • gur pháirt de chnuasach dánta é: which is part of a collection of poetry;
  • leabhar eile a spreag spéis ionaim le déanaí ná: another book to have induced my interest lately is;
  • ismóranléitheoireachtatásnaleabhairseoagus: there is much reading in these books;
  • is fiú go deimhin staidéar a dhéanamh orthu: it is certainly worth undertaking the study of them;
  • taitníonn ... go mór liom: I enjoy very much;
  • díochracht: intensity;
  • spreagann an teanga go mór: the language very much inspires;
  • mo shamhlíocht agus m’intinn chruthaitheach: my imagination and my creative mind;
  • domsa is í áilleacht na háilleachta í an Ghaeilge: for me, the Irish language is the most beautiful of beauties.