Píosa as Gaeilge Faoin Léiriú
Tá mic léinn ceoil DkIT ón Ensemble Ceoil Thraidisiúnta agus ón Ghrúpa Ceoldrámaíochta de Cheol Oirghialla ag léiriú ceolchoirm chomórtha speisialta in ómós don cheolchoirm cháiliúil sin, Ó Riada sa Gaeity, a tharla 40 bliain ó shin. Ba í Máire Bean Uí Ghogáin chomh maith le baill Éigse Oirghialla a d'éagraigh agus a chuir an cheolchoirm sin chun cinn agus iad ag comóradh dhá chéad bhliain i ndiaidh bhás Pheadair Uí Dhoirnín sa bhliain 1969.
