Sonraí maidir le gach athscrúdú.
Mairfidh Scrúduithe an Fhómhair 2012/2013 ón 20 go dtí an 31 Lúnasa 2012 agus an dá dháta sin san áireamh. D'fhéadfadh scrúduithe praiticiúla áirithe a bheith ar siúl go luath i mí Mheán Fómhair. Gheofar amchláir ar líne anois.
NÓTA: Tosóidh na seisiúin scrúdaithe ag 9.15 am agus 2.15 pm. Bí cinnte go bhféachann tú ar an amchlár go rialta ar eagla athruithe.
Mac léinn ar bith ar theip air nó uirthi in ábhar amháin nó níos mó ná a chuir ábhar amháin nó níos mó siar (lena n-áirítear CA, Praiticiúil, Tionscadal, Socrúchán nó Scrúdú), i seisiún an Gheimhridh nó an Earraigh, gheobhaidh siad Foirm Athscrúdaithe ghorm ar a mbeidh trascríbhinn dá dtorthaí foriomlána. Más mian leat clárú le haghaidh ábhair ó cheachtar den dá seisiún sin, nó má tá torthaí agat a bheidh le breithniú ag Bord Scrúduithe 2012, ní mór an fhoirm ghorm sin a bheith faighte ar ais san Oifig Scrúduithe faoin 6 Iúil 2012 ar a dhéanaí.
Faoi mhic léinn atá sé a chinntiú go bhfuil siad cláraithe le haghaidh aon ábhar atá fós le scrúdú (ábhair curtha siar agus ábhair inar teipeadh iontu). Mac léinn a chláraíonn tar éis an dáta sin beidh air/uirthi €100 de tháille dhéanach a íoc.
Tar éis duit an fhoirm a chur ar ais chuig an Oifig Scrúduithe, gheobhaidh tú foirm giro sa tseachtain dar tús an 23 Iúil 2012 agus sa tseachtain dar tús an 30 Iúil 2012. Foirm ar bith a gheofar tar éis Dé hAoine, 6 Iúil 2012, beidh ar an té ar leis í €100 de tháille dhéanach a íoc (is cuma cén seimeastar lena mbaineann an t-ábhar atá á athscrúdú).
NÓTA: Má chuir tú ábhar siar, ní bheidh an táille athscrúdaithe a íoc, ach caithfidh tú an fhoirm athscrúdaithe a chur chuig an Oifig Scrúduithe láithreach.
Mar aon leis an bhfoirm giro, gheobhaidh tú foirm bhándearg ar a ndeimhneofar an t-ábhar/na hábhair dá bhfuil tú cláraithe. Seiceáil an fhoirm seo go cúramach le bheith cinnte gur chláraigh tú don ábhar ceart / do na hábhair chearta.
Má theip ort in ábhar CA/Tionscnaimh/Praiticiúil/Socrúcháin (nach ábhar sa Scrúdú Deiridh é), nó má chuir tú siar é, caithfidh túteagmháil a dhéanamh le hOifig na Roinne chun fáil amach conas athscrúdú a dhéanamh san ábhar sin.
Mic léinn a bhfuil ábhair le críochnú acu fós ó Bliain Acadúil roimhe seo, caithfidh siad clárú leis an Oifig Scrúduithe roimh an Aoine, 6 Iúil 2012, más mian leo athscrúdú a dhéanamh san ábhar/sna hábhair sin i seisiún an Fhómhair.
Mairfidh Scrúduithe an Fhómhair 2012/2013 ón 20ú go dtí an 31ú Lúnasa 2012 agus an dá dháta sin san áireamh. D'fhéadfadh scrúduithe praiticiúla áirithe a bheith ar siúl go luath i mí Mheán Fómhair. Gheofar amchláir ar líne anois.
NÓTA: Tosóidh na seisiúin scrúdaithe ag 9.15 am agus 2.15 pm. Bí cinnte go bhféachann tú ar an amchlár go rialta ar eagla athruithe.
Iarrtar ar gach mac léinn na Rialacháin Scrúdaithe a léamh go cúramach tamall maith roimh na scrúduithe. Gheofar na rialacháin sin ar an suíomh Gréasáin seo agus i lámhleabhar an mhic léinn.
Files:
| Attachment | Size |
|---|---|
| 474.21 KB |
Registering for Previously Deferred Subjects

This form is to be used to apply to register for any outstanding DEFERRED subjects. This is NOT to defer a subject.
To apply for a deferral, please contact your School Office
Application form for Deferral of Final Exams

Application form for Deferral of Final Examinations. This form is to be used where a student is applying to defer Final Examinations. Details on Deferrals can be found in the Marks and Standards document.
